Sunday, January 18, 2009

Níl Aon Níl

Dán: Níl Aon Ní: Conas a léirítear an préamhthéama? Is é grá do Dhún na nGall 7 grá daonna an p/th den dán seo. 1) tugann an file íomhánna áille den chontae sin dúinn. Níl aon ní chomh síochánta leis,deir sé, agus an oíche ag titim, "clapsholas smólaigh"a thugann sé air. Le cúpla focal cruthaíonn sé íomhá álainn den Nádúr. Tá cur síos ait 7 álainn ar an spéir, is buicéad í, is é sin tá dath liath air de bharr na scamall, tá an ghrian ag briseadh tríd na scamaill agus tá na gathanna gréine ag titim ar an oileán,'Inis Bó Finne". Tá íomhá álainn den bheirt leannán 7 iad ag caint le chéile.Beidh sé ag caint go grámhar románsúil léi, "Bheadh briathra ag bláthú ar ghas mo ghutha"deir sé. Tá an meafar "gas mo ghutha"iontach deas 7 mistéireach, is cos phlanda é "gas", bheadh siad mar chuid den Nádúr,dá dtiocfadh sí! Tá onómaitipé san íomhá dena "cloigíní gorma". Buaileann siad le chéile ag déanamh cheoil! Cloiseann muid an ceol sa líne,cruthaíonn sé é leis na fuaimeanna "gc" agus "g". Tá pictiúr álainn den saol a thaitníonn leis an bhfile sa Véarsa deiridh. "ciúinchónaí sléibhe", sin an saghas áit chónaithe ab'fhearr leis! 2. Baineann sé úsáid as meafair chun an p/th a léiriú. M.sh clapsholas smólaigh, buicéad stáin na spéire, gas mo ghutha, leis na meafair seo éiríonn leis atmasféar álainn den Dúlra a phéinteáil, 3. Tá an friotal (language) ciúin aoibhinn, feileann sé seo do dhán grá. M.sh. níos suaimhní ná clapsholas smólaigh". Tá ceol sna fuaimeanna ciúine aoibhne sin.Freisin "buicéad stáin na spéire" tá an uaim(allit.) deas taitneamhach,an "s" "s". Ach tá codarsnacht ann nuair a labhrann sé faoin chathair. Is "brúchtbhaile balscóideach " is é sin áit shalach ghránna,tá na fuaimeanna sin garbh, rud a léiríonn déistin (disgust) an fhile leis an chathair. Tá "gleo tráchta"ann "gan stad". Arís fuaimeann garbha, tá an fhuaim "acht" garbh gránna.

No comments:

Post a Comment