Bean Óg:A coibhneas(gaol) (the relationship) lena fear chéile. // Ní raibh an gaol lena fear go maith. Bhí sé ag obair sa chathair,agus thagadh sé abhaile ag an deireadh seachtaine. Níor chabhraigh sin leis an ngaol,mar bhíodh sí uaigneach i rith na seachtaine. Bhí sí fágtha lena smaointe,mar ní raibh chomhluadar (company) eile aici. Is dócha go mbíodh sí ag smaointiú ar a gaol leis. Fear tiarnúil ab ea é. Níor thaitin smidiú leis,mar shampla. Bhí sé seo mí-réasúnta,go mórmhór toisc go raibh sí ina bean óg gleoite(pretty).
Dúirt sé go raibh sé "ardaigneanta", is é sin ina fhear an-léannta. Is dócha ,mar sin, go raibh sé ardnósach(snobbish). Chuir sé seo brú uirthi,mar bhí sí ag léamh leabhar "trom"ar an trá,"The Co-opmovement". Freisin scríobhach sí "litreacha cúramacha liteartha"(carefull high-brow letters) chuige. Tá sé soiléir go raibh sí ag iarraidh é a shásamh! Bhí sí ag iarraidh bheith ina bean chéile mhaith.
Ar a bealach abhaile ón trá bhí sí ag déanamh buartha(worrying) faoina saol leis an mbrúid seo(tyrant). Bhí uirthi na lampaí a lasadh,crot maith a chur uirthi féin agus "béile feola"a ullmhú dó! Theastaigh uaidh go mbeadh sí "gealgháireach"(bright @ merry) nuair a thiocfadh sé abhaile! Táim cinnte go raibh sé ag caitheamh léi mar pháiste!(treating her like a child).
Freisin bhí uirthi na páistí a chur a luí! Tá sé seo dochreidte(unblievable). Athair ,agus níor theastaigh uaidh a páistí féin a fheiceáil! Nuair a chuimhnigh sí (remembered) ar na táscanna (tasks) abí le déanamh aici,tháinig "craitheadh coirp"uirthi. Léiríonn sé seo go raibh a grá dó ag dul in éag(dying).Ní raibh sí ábalta an brú intinne a sheasamh a thuilleadh(anymore).
Bean leochaileach(frail,sensitive) ab ea í. Ní raibh a pairtnéir feiliúnach di(suitable). Fear mí-réasúnta(unreasonable) ab ea é. Níor thug sé seans di bheith sona agus grámhar. Mharaigh a éilimh(demands) a grá dó. Fear díchéillí (foolish) ab ea é. Níor thuig sé ról an fhir(a man's role) sa phósadh. Cheap sé go raibh an fear ós cionn (above) a mhná. Bhí sé lán-de-féin(full of himself). Bhí uirthi ceacht(lesson) a mhúineadh dó.
( Nótaí sa bhreis: bhí easpa tuisceana air. =lack of understanding. Bhí sé éilitheach =demanding. Bhí sé an-léannta,cosúil le múinteoir,dar leis féin.
Bhí sé mursanta=domineering. Tiarnúil=like a tyrant.
A Bhean: bhí sí buartha.(worried). Ní raibh sí folláin,mar bhí sí "chomh caol le gáinne. Bhí strus uafásach ar a hintinn,mar thagadh meirfean uirthi ,scaití,nuair a bhíodh sí ag caint.(used to feel faint ,sometimes,when she was talking.) Bhí "tuirse d0-inste ag brú uirthi=an unspeakable tireness was oppressing her.
Tréithe eile a bhain léi=Bhí sí ina máthair mhaith chúramach. Thug sí togha na haire(best of care) dá páistí. N.B.dá=do a. Bean dílis (faithful)ab ea í.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment