Monday, January 26, 2009

An Bhean Óg,bean abhí buartha imníoch.

Bean Óg: Cheapfá go mbeadh an Bhean Óg sona. Bhí beirt pháiste álainn aici. Bhain sí leis an meán-aicme,mar bhí sí gléasta go cuí don aimsir bhrothallach,bhí glór "ceolmhar"aici, 7 bhí Gaeilge ar eolas aici,"thug sí focail dóibh i nGaeilge".
Ach léirítear dúinn go raibh sí buartha. Bhí sí chomh caol "le gáinne", 7 bhí "tuirse do-inste ag brú uirthi". Nuair a bhíodh sí ag caint le daoine thagadh meirfean uirthi go tobann. Freisin bhí a fear chéile ag obair sa chathair,thagadh sé abhaile ag an deireadh seachtaine. Bhí sí léi féin i rith na seachtaine,gan chomhluadar aici ach páistí óga. Freisin, bhí fadhb leis an mac óg,mar bhí sé "mall"ag foghlaim. Bhí sí cónaí sa Ghaeltacht,ach ní raibh aici ach "gaeilge na scoile". Mar sin bhí sí gan chairde ann. Mar barr ar gach donais,ní raibh a gaol(coibhneas) lena fear sona. Fear tiarnúil mursanta ab ea é.
Ba mhaith leis "í bheith cosúil leis féin". Dar leis féin bhí sé "ardaigneanta", (high minded,intellectual). Fear mí-réasúnta ab ea é. Léirítear é sin ag deireadh an scéil, mar "bhí uirthi" na lampaí a lasadh, an teach a ghlanadh,í féin a chóiriú t'réis bheith ar an trá, na páistí a chur a codladh,agus dinnéar a dhéanamh dó . "suipéar blasta" adúirt sé léi
Bhíodh sí ag iarraidh bheith ina bean chéile mhaith, mar "scríobhadh sí litreacha cúramacha liteartha" chuige.Thóg sí leabhar "trom"léi don trá, "The Co-op Movement". Ach bhí ag teip uirthi é a shásamh,bhí brú uafásach ar a intinn,an bhean bhocht. Freisin ní raibh sí go maith ag "obair chistine", nó "fúáil". Ba droch-bhuntáistí iad san do bhean phósta ag an am sin. Tá mé cinnte gur chuir siad-san brú 7 strus uirthi, mar cheap sí go raibh sí "diomhaoin"(idle,no good).

1 comment:

  1. Thanks,Pádraic,you are a wonderful teacher,please please do not leave our school.

    ReplyDelete